School: Corr na Móna
- Location:
- Corr na Móna, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Maille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr na Móna
- XML Page 272
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgeál
Bhí Rí sa doman thoir fado agus bhí triúr mac aige agus bhí sé fhéin agus iad fhéin an-mhór lé chéile. D'eirig fearg eatorra agus ní ghéilleadh an clann mhac don-n-athair agus dúbhairt sé go ndibreocadh sé as a ríogacht iad agus nach dtubhradh sé dhóibh ach sgilling an duine
Bhí go mait Dhíbir sé as an ríoghacta iad agus thug sé sgilling an duine dhóib. Bhíodar ag imtheacht leó go dtáiniceadar go dtí crosbhóthar. Cuaid duine acu soir duine eile siar duine ó dheas
Bhí an mac ba seine ag imteacht gur casadh ceannaidhe bóthair leis agus é ar leath cois ar leath láim agus ar leath shúil. Tá rud annseo agam agus is fiu ríogact é. Cé méad a bhead agad ar a deir mac an Rí. Leath a bfuil agadh a deir an ceannaidhe. Thug sé leath na sgillinge a thug a-atair dhó an lá a dimtig sé(continues on next page)