School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)
- Location:
- Cluain Brón, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Ghiobúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain an Bhrúnaigh
- XML Page 304
- XML “Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Glaodhann lucht siubhail go dtí tighthe na ndaoine uaireannta. Ní h-iad na daoine céadna a thagann's i gcomhnuidhe ann. Seo cuid de na h-ainmeacha:- Máthúin, Míora, agus Seoighe. Bíonn siad in gcomhnuidhe i mbóthánaibh ar thaobh an bhóthair agus codluigheann siad ann comh maith. Bíonn droch-éadaigh ar cuid acu, agus éadaigh maithe ar cuid eile.Téigheann siad ó áit go h-áit agus bíonn earraide beaga 'ghá ndíol acu. Bíonn bioráin, scátháin, frámaí pictiúirí, agus pictiúirí beannuighthe acu. Ceannuigheann na daoine earradihe uatha. Bíonn earraidhe déanta as stáin acu freisin agus déanann siad féin íad. Ceannuigheann siad rudaí ins na siopaí comh maith agus díolann siad iad.Ní bhíonn mórán fáilte ins na tighthibh rómpa. Ní fhanann siad níos fuide ná leath-uair ins gach teach. Ní bhíonn a mbiadh féin dá n-iomchur acu, acht gheibheann siad biadh ins na tighthibh agus anois agus arís bíonn siad 'gá n-ithe ag dul thart.Bíonn siad ag iarraidh déirce i gcomhnuidhe, bainne, im, uibheacha, feoil, fataí agus plúir. Nuair a thugann duine déirc dóibh deireann said "Go mba seacht fearr a bhéas tú bhliadhain ó indiu." Bionn siad ag dul ó áít cos-lomnacht sa Samhradh, acht bíonn bróga ortha sa Samhradh freisin nuair nach mbíonn an aimsear go breágh. Bíonn siad ag dul thart in a dreamanna, agus capaill agus cáirr acu.Anois agus arí bíonn nuadhacht acu le(continues on next page)
- Collector
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway