School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)
- Location:
- Cluain Brón, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Ghiobúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain an Bhrúnaigh
- XML Page 307
- XML “Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair nach mbíonn aon rud eile le déanamh ag na páistí bíonn cluichí acu le n-imirt. Seo iad na cluichí is mó a bhíonn acu. "Luarabog Lárabog", "An Fáinne" "Ganndailín Dearg" agus "Fidil Feadal". Seo í an caoi a imrigheann siad an "Fháinne" Ar dtús suidheann na páistí thart timcheall na teineadh agus dúnann siad a súile. Leigeann duine acu an fáinne thart. agus annsin déanann na páistí buile fá thuairim cé aige a bhí an fáinne. An té a bhéas an freagra ceart aige leigeann sé féin an fáinne thart.
Bíonn na cailíní ag imirt "Fuinneóga Arda" amuigh fán aer. Seo í an caoi a imrigheann siad é. Bíonn na malraigh i ngreim láimhe agus duine ag rith isteach is amach eatorra. Bíonn duine ag rith in a dhiaidh an céad duine go bhfaghann sé greim air. Seo píosa cainnte a bhíos acu.
"Chaill mo mháthair mór snáthad annso indé"
'S ní bhfuigheadh sí é gan ceapaire áráin"
Bíonn am fé leith ag na daoine i gcóir Caitheamh Aimsire go mór mhór sa Samhradh agus sa bhFoghmhar. Bíonn na cailíní ag piocadh bláth agus ag déanamh bláth-fleascanna sa Samhradh Bíonn spóirt mór acu freisin ag piocadh cnó agus sméara sa bhFoghmhar.
Bíonn cliabháin éin dhá dhéanamh ag na buachaillí sa nGeimhreadh chun breith ar na h-éanlaith.
Siad na cluichí is mó a imrigheann siad timcheall na teineadh ná "Ganndailín Dearg" "Luarabog Lárabog" an"Fáinne" agus Cártaí. Bíonn 'Fidil Feadal' cluiche dá n-imirt acu anois agus arís. Seo píosa cainnte a bhíonn's againn agus(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ó Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Shúilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 47
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway