School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)
- Location:
- Cluain Brón, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Ghiobúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain an Bhrúnaigh
- XML Page 325
- XML “Cúram na gCos”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó nuair nach raibh bróga go flúirseach, ní caitheadh muinntir na tíre iad go mbéadh siad suas le fiche bliadhain. Tá trácht ar fear darbh ainm "Béarach" a bhí istigh i nDún cúpla bliadhain ó shoin is níor caith sé bróg ariamh. Is gnáthach le leanbhaí an lae indiu dul cosnachta sa Samhradh, nuair a bhíonn an aimsear go breágh, acht caitheann siad bróga agus stocaí sa nGeimhreadh. San am fadó téigheadh an t-aos óg cosnachta an cuid is mó de'n bliadhain idir Samhradh agus Geimhreadh.
Bíonn piseóg ag na daoine fá uisge na gcos agus deirtear "Nach bhfuil sé ceart é a caitheamh amach san oidhche". Má nightear na cosa san oidhche coinnightear an t-uisge istigh go maidin agus annsin cuirtear amach é, mar deirtear má caithtear amach é go mbéidh na daoine maithe indon an duine sin thabhairt leó. Má caithtear an t-uisge amach san oidhche deirtear:-
"Thugaibh, Thugaibh, daoine maithe, an t-uisge salach"
Déantar bróga i gCorr na Móna, agus deisightear bróga ann freisin. Seo abairtí a bhaineann leis an obair:- paiste, taoibhín, péire tosaidhe, agus bíonn meanadh, ceap, sgian agus casúr mar uirlís aige. Bíonn céirín aige freisin le cur ar an ruadhóig nuair a bhíos sé ag fuagháil na mbróga. Bhí an ceird sin ag an ngréasaidhe le fada. Bhíodh ghréasaidhe níos flúirsighe san áit fadó ná mar atáid anois.
Caithtear bróga bun-adhmaid san áit fadó agus deintí san áit iad freisin. Ní cuirtear séití ainmhidhthe timcheall na gcos, acht(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway
- Informant
- Mícheal Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway