School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)
- Location:
- Cluain Brón, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Ghiobúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain an Bhrúnaigh
- XML Page 330
- XML “An tAonach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhíodh Aontaighe ar siubhal fadó fan tuaith comh maith leis na bailte móra. Tá páirc i mBaile an Tobair ar a dtugtar 'Páirc an Aonaigh' air. Tugadh an t-ainm sin air mar bhíodh aonach ar siubhal ann gach bliadhain fadó ar an 15adh de Lughnasa.
Théigheadh ceannuigheoirí ó theach go teach fén stuaith ag ceannacht stuic. Bhíodh aontaighe fadó ann nach bhfuil ann anois. Bhíodh na h-aontaighthe sin ar siubhal fán dtuaith agus i gceann tamaill stopadh iad, agus in a dhiaidh sin ins na bailte móra a bhíodh siad. Ní raibh mórán ceannuightheoraí ag teacht fán dtuaith chun na h-aontaighthe an tráth sin. Sin é an fáth a cuireadh deire leo.
Níl páirc speisialta ins na sráideanna i gcomhair aontaighe. Ní íoctar paidc ar bheithidheach a díoltar, acht déanadh na daoine fadó é. Bhíodh na h-aontaighe an tráth sin i bpáirc mór, agus íocadh an pidc chun an talamh a bhí an aonach ar siubhal a íoc chun an duine ba leis é.
Tugtar eirnít le gach beithidheach a díoltar. "Airgead Sonais" a tugater mar ainm air. Leath choróin is mó a thugann siad de na ceannuightheoirí. Nuair a bhíos an margadh déanta ag an gceannuightheoirí buaileann an duine eile ar an mbois é le taispeáint go bhfuil sé in a margadh eatorra.
Marcáltar na beithidhigh nuair atá siad ceannuighthe le breasal nó le marc a ghearradh sa bhfionnadh. Tugatar an ceannrach agus rópa le capall nuair a díoltar é. Ní tugtar aon rud le beithidhigh.(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway
- Informant
- Mícheal Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway