School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)
- Location:
- Cluain Brón, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Ghiobúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní bhíodh mórán tighthe le feiceál sa gceanntar seo fadó. Ní bhíódh tighthe na sean-aimsire mór. Tighthe beaga do bheadh iad. Bíódh ciab agus luachair mar cheann ar na tighthe fadó. Gheibhtí an tuighe sa sliabh, agus b'féidir ar an bportach.Bíódh leabaidh ins an gcistin ins na tighthe fadó. Bhíodh an leabaidh sin déanta le taobh an bhalla. "Cailleach" a tugtaí uirri. Bean-a-tighe agus fear a tighe a cholduigheadh inntí sin.Bíodh an teinteán i gcoinnibh an phiniúra. Bíodh simléar istigh ins na tighthe fadó. Bíódh cúpla maide mór ag dul ón lochta taobh istigh go dtí barr na beinne, agus cláir thart ar na maidí sin, agus clocha is moirtéal ar na maidí taobh amuigh. Sin é an sórt simléar bhíodh acu fadó. Ní bhíodh aon teine ar an urlár i lár na cistineach ins na tighthe fadó.Ní bhíodh acht aon doras amháin ar na tighthe fadó. Bhíodh an doras ins na taobh-bhallaí. Bíodh maide éamuinn ar chúl an dorais chun é a dhúnadh. Ní bhíodh ar na tighte fadó acht fuinneóg amháin nó péire. Bhíódh clár ins na fuinneóga sul ar cuireadh gloine ionnta, agus ins an oidhche chuirtí mála líonta le féir in aon fhuinneóg nach mbéidh cláracha innti.Bíodh móín, fraoch, agus giumhaise mar arbhair teine fadó. Bheireadh maide giumhaise solas dóíbh san oidhche.(continues on next page)
- Collector
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway
- Informant
- Mícheal Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway