School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)
- Location:
- Cluain Brón, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Ghiobúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain an Bhrúnaigh
- XML Page 344
- XML “An Reilig”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá ceithre reiligí san áit seo. Tá ceann ar an bhFáirche ar a dtugtar "Teampull na Fáirche". Tá ceann eile ar Inis-an-Ghoill ar a dtugtar "Teampull na Naomh". Tá ceann ar Inis-dá-Bhuidhe agus ní tugtar aon ainm air. Tá ceann i nDubhros agus ceann i mBaile an Tobair agus ní tugtar ortha acht "Teampull na Leanbh". Cuirtear daoine i ngach ceann acu acht amháin ar Inis-dá-Bhuidhe. Tá gach ceann acu cearnógach acht amháin Teampull na Leanbh i nDubhros. Tá cuma trí coirnéal air.Tá fothrach teampuill ar Inis-an-Ghoill. Ní cuirtear daoine sa bhfothrach. Tá na reiligí leibhéalta acht tá fánaidh i reilg na Fáirche. Tá an fánadih i dtreó an iarthar. Tá crann rósanna ag fás ar cuid de na h-uiagheannta. Tá fothrach teampull freisin i reilg na Fáirche. Tá daoine curtha sa bhfothrach, acht ní cuirtear aoinne ann anois. Tá dhá reilig diomáine san áit, ceann ar Inis-dá-Bhuidhe agus ar Oileán na gCorp i nDubhros tá ceann eile. Níor cuireadh aoinne ar Oileán na gCrop le tríocha bliadhan, agus níor cuireadh aoinne ar Oileán Inis-dá-Bhuidhe ón mbliadhain 1846. Níl aon clocha ornáideacha in aon reilig acu.Cuirtear páiste gan baiste i gcoirnéal garrdha ar bith. "Cillínigh" tugtar ortha. Fuair mé an sgéal seo ó mo mháthair. Cuireadh fear Protustunach i reilig Baile-an-Tobair fadó, agus maidin lár na bhárach fuair na daoine an cónra ar bárr an uaighe. B'eigin dóibh é a thabhairt as annsin agus a chur in áit eile. Chuala mé an sgéal seo ó m'athair. Cuireadh fear Protustúnach ar Inis-an-Goill fadó agus(continues on next page)
- Collector
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Shúilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- c. 47
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway