School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Fáirche
- XML Page 361
- XML “An Gamhain Glas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Lá amháin chuaidh sé amach agus chuir a leas-mháthair beirt fhear amach leis go bhfeicfeadh sí cé an áit a bhí an gasúr ag faghail beatha. Cuireadh dallóg ortha agus ní fhaca siad tada. An lá indiaidh sin chuir sí fear eile amach leis. Bhí trí súil ag an bhfear so. Cuireadh an dallóg ar an dá shúil thosac acht níor tugadh fá deara an tsúil eile. Tháinig mháthair an ghasúir. Bhain sí an adharc den ghamhain glas. Thóg sí amach an t-éadach chláir. Sgar sí ar an talamh é. Bí neart le n-ithe air.
Nuair chuaidh fear na trí súl abhaile d'innis sé don leas-mháthair cé an chaoi bhí an gasúr ag fáil bheatha. An treas oidhche bhí triúr búistéirí ag an ngeata agus shíl siad breith ar an ngamhain glas act bhris sé friotha. An oidhche eile indiaidh sin bhí seisear búistéirí ag fanacht leis an ngamhain glas a marbhadh. Níor eirigh leobtha
An chéad lá eile dá ndeacaidh an gasúr amach dubhairt a mháthair fhéin leis a neart a ithe go raibh an gamhain glas le bheith curtha cun bháis(continues on next page)- Informant
- Áine Ní Mhaolruaidh
- Gender
- Female
- Age
- 24
- Occupation
- Domestic worker
- Address
- Ceapach na gCapall, Co. Galway