School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)

Location:
An Fhairche, Co. Galway
Teacher:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 387

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 387

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Fáirche
  2. XML Page 387
  3. XML “An Bhean Uasal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    teach ina raibh damhsadh ar siubhal. Chuir sí an capall isteach sa stábla. Bhí ciall an fhir ag an gcapall agus ní raibh fhios aige cé an chaoi a bhainfeadh sé an tsrian de. Chuir sé suas a chos agus bhain sé dé í. Annsin níor fhéad sé dhul amach agus d'fhan sé sa stábla go dtáinig an bhean uasal amach. Shíl sí breith ar an gcapall acht níor fhéad sí ach chraith seisean an tsrian os a cionn. Rinneadh capall dí agus fuair seisean a chrot féin ar ais.
    Chuaidh an fear ag marcuigheacht ar an gcapall agus as go bráth leis abhaile. Bhí páirc mhór tart ar an tigh ina raibh an bhean uasal ina comhnaidhe agus bhí an capall ag rith tart timcheall na páirce nó go raibh sí gar a bheith marbh. Choinnigh an fear an tsrian uirthi agus chuaidh sé féin na chomhnaidhe sa tigh mór agus bhí saoghal sonasach aige as sin amach
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Mhaolruaidh
    Gender
    Male
    Age
    24
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Cheathrú Chaol, Co. Galway