Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 387
- XML “An Bhean Uasal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)teach ina raibh damhsadh ar siubhal. Chuir sí an capall isteach sa stábla. Bhí ciall an fhir ag an gcapall agus ní raibh fhios aige cé an chaoi a bhainfeadh sé an tsrian de. Chuir sé suas a chos agus bhain sé dé í. Annsin níor fhéad sé dhul amach agus d'fhan sé sa stábla go dtáinig an bhean uasal amach. Shíl sí breith ar an gcapall acht níor fhéad sí ach chraith seisean an tsrian os a cionn. Rinneadh capall dí agus fuair seisean a chrot féin ar ais.
Chuaidh an fear ag marcuigheacht ar an gcapall agus as go bráth leis abhaile. Bhí páirc mhór tart ar an tigh ina raibh an bhean uasal ina comhnaidhe agus bhí an capall ag rith tart timcheall na páirce nó go raibh sí gar a bheith marbh. Choinnigh an fear an tsrian uirthi agus chuaidh sé féin na chomhnaidhe sa tigh mór agus bhí saoghal sonasach aige as sin amach- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Mhaolruaidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheathrú Chaol, Co. na Gaillimhe