School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
![The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 482](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0075%2FCBES_0075_482.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 482
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Fáirche
- XML Page 482
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí mac baintreabhaige ann fado agus dúil go mór aige bheith ag foghlaereacht chuile lá.”
(continued from previous page)Chuaidh sé amach agus shíl sé breith ar an éan ac d'imthigh sé uaidh. Chuaidh sé síos ibpoll sa talamh agus lean an fear é. Tháinig sé isteach i dtigh beag. Bí sean-beán istigh agus d'fhiafruigh sí de cá raibh a thriall. Dubhairt sé go raibh sé ar thóir na mna óige a raibh na trí dathanna uirthi D'innis an sean bhean dó gur be an seachtú duine a tháinig ar a tóir agus gur chaill seisir aca a gcinn agus gur cuireadh ceann gach duine aca ar claidheamh agus go raibh claidheamh eile ag fanacht le na cheann ach dul go h athair na man óige agus a acuinge a iarraidh air
Chuaidh an fear ag an athair D'iarr sé a inghean air. "Geobhaidh tú í má tuillfidh tu í" ars an t-athair "caithfidh tú mo sgioból a glanadh dom idtosach" Maidin imbárac thosuigh an fear ag glanadh an sgiobóil agus inagaid gac láin píce a chaitheadh sé amac(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Máille
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile Dhúlocha, Co. Galway