School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Fáirche
- XML Page 481
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí mac baintreabhaige ann fado agus dúil go mór aige bheith ag foghlaereacht chuile lá.”
Bhí mac baintreabhaige ann fado agus dúil go mór aige bheith ag foghlaereacht chuile lá.
Aon lá amháin amach leis agus bí sneachta mór ann. Chonnaic sé préachán ar an talamh agus a chuid fola ar an sneachta. Tháinig sé abhaile annsin agus dubhairt sé lena mháthair nac bhpósfadh sé aon bhean ac bean a bhead na trí dathanna sin uirthi sé sin a gruag a bheith com dubh le sgiathán an phréacháin a .. a bheith comh geal leis an sneacta agus a gruadh a bheith comh dearg le fuil.
Lá eile d'eirigh sé agus chonnaic sé éan ar an bhfuinneóig agus bhí na trí dathanna sin air. Amach leis indiaid an ein ac d'imthigh sé uaidh. Maidin lá'n [!] na bhárach bhí an t-éan ag an bfuinneog arís(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Máille
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile Dhúlocha, Co. Galway