School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus d'imthigheadar leo agus fuaireadar an Catach agus thugadar leo é. Chuireadar fe'n uisge draoidheachta é agus d'eirigh sé beo arís. Annsin Pósadh é agus an bhean óg
D'fhiafruigh an Catach annsin den triúr mac cé n fáth go mbíonn duine aca marbh uile tráthnóna. Dubhradar go rabhadar ag cumhdach oileáin in raibh an oiread beitheadhac fiadhán agus go raib sé cinnt orra deire a chur leo. "Fanaighid sa mbaile sibhse imbárac" ar seisean agus racaidh mise go dtí an t-oileán agus déanfadh mé mo dhícheall iad a mharbhadh ar fad. Sochruigead ar sin.
D'imthigh an Catach go moch ar maidin agus thug sé leis an claidheamh abfearr a bhí aige. Isteach leis ar an oileán agus bhí sé ag baint an chloiginn de gac ainmidhe dá raibh ann agus faoi dheire ní raib ceann fágtha. Annsin Shuidh sé síos fé bhun carraige móire go leigfeadh sé a sgith. Chonnaic sé sean bhean ag tigeacht agus pota beag aice agus í ag tógáil lan spiúnóige as an bpota agus dá cur isteac ina bhéal agus de reir mar bhí sí aga dhéanamh bhí na h-ainmhidhthe ag eirighe suas beó arís. D'eirigh sé(continues on next page)- Informant
- Brigidh Ní Fhloinn
- Gender
- Female
- Age
- 24
- Address
- Dúráithe, Co. Galway