School: Clochar ar an bhFáirche
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar ar an bhFáirche
- XML Page 089
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Carbad Cruaidh" sé an fath ar a tugtar "Carbad Cruaidh" mar nár fhás aon fhiacail ina charbad, agus bhí a charbad chomh cruaidh le h-iarann agus thug siad "Carbad Cruaidh" air. Bhí buachaill eile ann sé an leas ainm a tugadh air ná "Cos Luath" mar nár fág geirfhiadh timcheal na h-aite nár gabh sé agus thug na daoine "Cos Luath" air. An treas dearbhratháir bhí iosgadh chomh láidir sin air go leagfadh balla le buille dhi agus thug na daoine "Losgad Láidir" air. Sé an leas ainm a bhí ar an duine eile ná "Giolla gan súil" mar nach raibh súil bheag aige i gcúl a chinn agus thug na daoine "Giolla gan súil" air.
Bhí fear ag dul an bealach lá agus chonnaic sé an ceathrar seo. "Cad is ainm duit a bhuachaill" ar seisean le duine acu. "Carbad Cruaidh" ars an buachaill. "Cén fath a tugtar an t-ainm sin ort" ar(continues on next page)- Collector
- Mairéad Ní Fhinn
- Gender
- Female
- Address
- Baile Uí Bhuíáin, Co. Galway
- Informant
- Pádhraig Mag Fhinn
- Gender
- Male
- Address
- Baile Uí Bhuíáin, Co. Galway