School: An Fháirche (Buachaillí)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Énrí Ó Máille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Máistir na nCreamhairí –Bhí fear ann fadó agus bhí mac aige. Chuir sé chuig fear ceirde é le ceird a fhóghlaim uaidh. Mhúin sé an tsiúinéaracht dhó. Rinne sé bosca agus nuair a bhí sé déanta aige chaith sé uaidh é agus chuaidh sé go Máistir na gCreamhairí. Sgata gadaidhthe a bhí ionnta agus rinne siad suas plean le dul chuig teach agus é a robáil. Dubhairt siad go mba mhaith an phlean an gasúr beag a chur síos sa simléar agus rinne siad é sin. Dubhairt siad leis an tairgead a chur suas cuca ar dtús agus annsin go dcóigfeadh siad suas é fhéin. Nuair a bhí an tairgead fáighte aca d’fág siad sa teach é, agus gan aon bhealach amach aige. Bhí go leór craicní gabhair agus adarca sa teach agus chuir sé cuid aca air. Nuair a déirigh fear an tighe ar maidin shíl sé gurbh é an diabhal a bhí sa teach(continues on next page)
- Collector
- Séamas Breathnach
- Gender
- Male
- Informant
- Máirtín Ó hAllumhráin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- An Cheathrú Chaol, Co. Galway