School: An Fháirche (Buachaillí)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Énrí Ó Máille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus sgannraidh sé. Nuair a fuair an buachaillín an doras fhasgailte amach leis agus chuaidh sé go Máistir na gCreamhairí. Chuir sé na hadharca isteach thríd an bhfuinneóig agus rith siad as an teach. Chuaidh an buachaillín isteach agus fuair sé an tairgead. Nuair a chualaidh an Rí faoí an mbuachaillín tháinig sé chuige agus dubhairt sé leis go marbhóchadh sé é mara a dtóigfeadh sé péire capall ón a chuid fear agus iad ag treabhadh sa bpáirce. Fuair an buachaillín sgata coinín agus chuir sé síos i mála iad. Leig sé ceann aca amach sa bpáirc a rabhadar ag treabhadh ann. Chuaidh an coinín isteach i bpall agus leam na fir é. Nuair a bhí siad imthighthe fuair sé na caiplí agus tháinig sé chuig an Rí. Dubhairt an Rí leis go marbhóchadh sé é mara a dtóigfeadh sé an chaora ó cheann do na fir agus é ag teacht abhaile ó’n aonach. Ceannuigh an buachaillín péire bróg agus(continues on next page)
- Collector
- Séamas Breathnach
- Gender
- Male
- Informant
- Máirtín Ó hAllumhráin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- An Cheathrú Chaol, Co. Galway