School: An Fháirche (Buachaillí)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Énrí Ó Máille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus nach raibh faitchios ar bith aige roimhe.
Bhí capall mór bán ag Tadhg agus thosuigh sé ar an aistir go Gallimh.
Nuair a bhí se ag dul thar áit áithrid léim an taidhbhse thar an mball aige agus léim se suas ar an gcapall taobh thiar dhe.
Seo í an cheist a chuir sé ar Thadhg. "Géag úr ar bhárr chrainn agus spota dubh ar a leiceann" D'fhreagar Tadhg an cheist acht d'fhan an taidhbhse ar an gcapall go dtáinig siad go Gaillimh.
Nuair a sroich siad an baile mór chuaidh Tadhg isteach ins an gcéad teach-ósta a dtáinig se suas leis agus thosuigh sé ag ól.
D'fhan an taidhbhse taobh amuigh agus nuair abhí Radhg i bhfad isthigh bhí sé ag iarraidh é a thabhairt amach go bhfuigheadh se deas ar é a mharbhú agus dubhairt se. "Is breac í bróg an daill agus e ag siabhal sa mbreacán."
Chiall se sin go mbeadh siad dall ag dull abhaile mar bhí an oidhche(continues on next page)- Collector
- Séamas Breathnach
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Dúráithe, Co. Galway