School: An Fháirche (Buachaillí)

Location:
An Fhairche, Co. Galway
Teacher:
Énrí Ó Máille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 315

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 315

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Fháirche (Buachaillí)
  2. XML Page 315
  3. XML “An Mac Rí agus Éan an Cheoil Bhinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leis an duine a gheobhfhadh é an ríoghacht. Lean an triúr an téan agus chuaidh sé síos i bpoll uatha. Fuair Art ropa mór agus d'ísligh an bheirt eile síos ins an bpoll é acht nuair a bhí sé shíos theastuigh uaidhe a thigheacht aníos.
    Chuaidh Neart síos annsin agus theastuigh uaidhe a theacht aníos aríst.
    Chuir siad Ceart síos annsin agus dubhairt fathach mór leis imtheacht leis go bfheicfheadh sé teach ar thaobh an bhóthair agus a dhul isteach agus go mbeadh fáilte ag bean an tighe roimhe agus ag an bfear freisin. Thug fear an tighe capall breágh bán dhó agus dubhairt sé leis gach rud a dhéanamh a dhéarfhadh sé leis.
    Dubhairt an capall leis a dhul go dtí caisleán an ríogh agus go dtiocfhadh sé amach aige acht gan aon bheatha a ithe uaidhe.
    Dubhairt Ceart leis go mba é fhéin mac Ríog na h-Éireann agus gur theastuigh Éan an Cheóil Bhinn uaidhe. Rachaidh mise i bhfholach trí huaire arsa an rí agus más féidir leat mé a fhághail gach uair is leat Éan an Cheóil Bhinn.
    Thug an capall beatha go Cheart gach lá agus nuair a chuaidh an rí i bhfholach dubhairt sí leis an áit a raibh sé.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    AT0329: Hiding from the Devil
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Somacháin
    Gender
    Male
    Informant
    Pádraig Ó Loingsigh
    Gender
    Male
    Age
    64