School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 429

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 429

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 429
  3. XML “Cruatan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sgríobhnóir, a bhean, a mhac, agus maighistir scoile. Lá breágh i mí Iúil a bhí ann, agus tháinig sinneán gaoithe agus d'iompuigh sé an bád ortha. Fuair an cailín greim ar an maide rámha agus thiocfadh sí i dtír meireach gur bhain Pádraig dí é, agus tháinig sé slán é féin. Bháitheadh an chuid eile acu idir Innis Treabhan agus Reiscíde. Tá sé suas le sé bliana fichead ó tharla sé.
    Chuaidh cúigear as Rosmuc chuig damhsa a bhí i gCamus oidhche. Bhí siad ag teacht abhaile ag a h-aon-dhéag san oidhche agus bhí an oidhche an dubh. Nuair a bhí siad timcheall céad slat ó'n a dteach féin báitheadh iad. Bhí deirbhshiúir agus dearbháthair de muintear Mháilleach ann, beirt deirbhshiúr dár b'ainm dóibh Conaire agus buachaill de na Fiannachtaigh. Chuala fear ag glaodhach iad acht ní raibh aon bhealach aige le dul chuca. Ní raibh acht aon mhaide-rámha amháin aca agus sin é an fáth gur báitheadh iad. Fuair na gárdaí iad timcheall a deic a chloig ar maidin.
    Bhí fear i nDurrus fiche blian ó shoin dá'r b'ainm Mairtín Breathnach agus bhí sé ag teacht ó Uachtarárd i mbád mbeag seolta. Bhí an bád ró-bheag leis na seolta d'iomchar. Dob'é an bádóir a bfhearr é ar loch Coirrb. Bhí an mhisneach aige agus chuir sé suas an seol. Bhí an lá an-gharbh agus d'iontuigh an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Liodáin
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    An Cloigeann, Co. Galway