School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 439
- XML “Corr na Binn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá leitir sgríobhtha in mo phóca thíos agam
le cur amáireach go Corr na Binn,
Is go bhfuil mé annseo le tuile agus ráithe
Is mé marbh sáruighthe le tinnis cinn.
Muna bhfuighidhmé fuaradh ó Rí na nGrásta,
Agus mo shláinte d'fhágháil dom mar is cóir,
Déanaighidh cóntra agus túmba clár dom
Agus fágfar amáireach mé i gCorr na Binn.Sé an áit is breághtha é atá anall ó Eifin,
Le báid ag éirigh ó thuinn go tuinn,
Níl fear dá chleacht é nó a bheadh dhá chreisint
Ní h-iongnadh mór dó a chroidhe bheith linn.
Bhí mise i nAcaill agus ba mhín liom fágáilt
Cé gur mhaith an áit í ag strainséirí
Nhí biadh agus leaba ann le fághail don cúnntas
Agus cómhrádh áluinn ó chailíní.Séard dubhairt fear as Acaill liom gan a bheith gan chiall dom
Gan bheith ag gol ná ag géagaighil faoi Chorr na Binn,
Go bhfuighidh sé bean dom agus dhá chéad bó léi
Agus acra móinfhéar i n-aghaigh gach tionn.
Bád agus aingeacha is iad do chur i n-éindigh
A thiubhradh éadál isteachnó thuinn,
Agus cheapfainn féin gur fearr an méid sin
Ná bheith ag gol agus ag géagaighil faoi Chorr na Binn.(continues on next page)