School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhíodh go leor bréágáín dhá ndéanamh ag na páístí fado. Bhíodh go leor caitheamh aimsire acu. Dhéanamh na cailíní hataí as luachair. Hataí Breibh a tugtaoi ortha. Dhéánaidhís ciseáin bheaga agus go leor rudaí eile leis an luachair.Dhéánamh na buachaillí cineál gunnaí beaga as adhmaidh agus topanna as admaid freisin. Déánaidís saghas rud as adhmad chun a bheith ag caitheamh cloch leis. Ba chontabhairteach iad sin mar ba mhinic a dhéánaidís dochar leo. Marbhuighidís go leor éánach beaga leo. Dhéanadh na cailíní bábóga deas agus gúnaí, stocaí, agus hataí beaga le n-aghaidh.Déanann na buachaillí báid beaga anois agus cuireann siad seolta beaga d'éádach ortha. Déanann siad cairteanna beaga d'adhmad agus cuireann siad boscaí beaga mar rotha orhta. Déanann siad gunnaí pleáscáín d'adhmad freisin.Tá caitheamh aimsire deas ag na cailíní ar a dtugtar "Suidhe-sá." Cuireann siad maide fada treasna ar bhalla ná ar mhóta agus téígheann duine ar gach ceann de agus annsin bíonn an maide ag dul síos agus suas. Uaireannta cuireann siad suas rópa idir dhá chrann nó istigh sa sgioból agus cuireann siad clár ag bun an rópa. Annsin suidheann siad ar an gclár agus bíonn sé ag luascadh ó thaobh go taobh.(continues on next page)
- Informant
- Maighréad Ní Dhroighneáin
- Gender
- Female
- Age
- 42
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway