School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chuirfidh tú liom í tharraing anonn, í tharraing anonn?
Cé chuirfidh tú liom í tharraing anonn, arsa Dilsí, Dalsaí, Déro."
Annsin deireann an dream eile go gcuirfeadh siad duine eile leo, agus annsin téigheann an bheirt ag iarraidh a chéíle a tharraing. Sa gClós na Sgoile a imrightear an cluiche sin freisin.
Ceithre CoirneálCúigear a bhíónn dhá imirt. Bíonn ceithre clocha ann agus seasann duine ar gach cloich agus bíonn siad ag iarraidh an duine eile sa lár. Bíónn gach beirt ag athrú ó chloich go cloich.
Ag LeanamhaintNuair a bhíonn duine amháin ag leanamhaint caithfidh se leanamhaint go mbeireadh sé ar chuile duine ach nuair a bíonn beirt ag leanamhaint bíonn áit áirighe le seasamh a b'fhéidir leis dul isteach san áit sin ní fheadfaidh aon duine breith air an uair sin. Sa sgoil a imrightear é mar ní bhíonn aon spoirt ann muna mbíonn go leor páistí le céile.
Ag Caitheamh CnaipeBíonn go leor páistí in a seasamh thart i bhfáinne agus an chéad duine a chaitfeadh cnaipe isteach gheobadh sé na cnaipí go leir. Buachaillí is mó a bhionn ag imirt an chluiche sin.
Déanann na cailíní slabhraí agus braighsiléid deasa de bhláthanna sa Samhradh.- Informant
- Maighréad Ní Dhroighneáin
- Gender
- Female
- Age
- 42
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway