School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 479
- XML “Laethanta Áirithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mhaith leo iad a thriall ar DIA LUAIN agus DIA CÉADAOIN AR t-ÚS GEALAIGHE.Is maith le daoine gabáiste do chuir idir 15adh Lughnasa agus an t-8adh lá de Mheadhon Fóghmhar, sin idir dhá Fhéíle Muire.Coinnigheann na daoine síol fataí agus síolta eile go dtí AOINE AN CHEÁSTA mar deirtear aon tsiól a chuirtear an lá sin ná 'na dhiaidh go bhfásadh sé go maith.Tagann LAETHE NA BÓ RIABHAICHE an chéad lá de'n Aibreán. An chéád lá de'n AIbreán bhí an Bhó Riabhach ag macnas le aoibhneas go raibh an Márta caithte ach ar an tríomhadh lá d'Aibreán cailleadh í leis an bhfuacht.DOMNACH SÚIL LE DIA - tagann sé ar an gcéád Domhnach roimh an gcarghus. An lá sin bíonn súil le Dia ag gach bean óg go mbeidh siad pósta roimh an gCarghus.
DOMHNACH NA SMUIT - sé sin an chéad Domhnach de'n Carghus. An lá sin deirtear go mbíónn smuit ar gach bean óg nach mbíonn pósta.DIARDAOIN NA gCAPALL - Timcheall 45 bliana ó shoin tháinig lá sa mBealtaine agus cailleadh go leor capall leis an bhfuacht, agus gach bian ó shoin ceapann cuid de na daoine go dtiocfadh lá eile mar é. Tháínig sé ar an 16adh lá de Bhealtaine.Ceapann na daoine má bhíonn sé ag báistighe(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Liodáin
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway