Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chonnaic na daoine bó sidhe i gcoill atá idir Currán agus Gleann i naice le Uachtarárd. San oidhche a chonnaic siad í ach ní fhéádfaidís í fheiceál chor ar bith sa ló. Ní raibh an bó sin i seilbh aon duine.Fadó d'fheiceadh na daoine cat fiadháin i gCloigeann, baile atá i n-aice le Corr na Móna. Bhí sé comh mór le dhá chat fiadhaín atá ann anois. Bhí sé in a a chomhnuidhe i dtornoig móír. Tá sgéal ag na daoine i dtaobh an cat sin. Deirtear go dtagadh an cat sin isteach i dteach nuair a bhíodh na ba blighte gach oidhche agus d'osglaigehadh sé doras an drisiúir agus d'óladh sé báísín bainne agus ní leigeadh an faitchíos do aon duine sa teach lámh a leagann air. Oidhche amháín nuair a d'imthig an cat amach as an teach taréís a bainne d'ól, chruinnigh na comharsan le chéile agus chuaidh siad go dtí an tornóg. Bhí picí agus láighe acu agus mharbhuigh siad an cat fiadháin.Cúpla oidhche in a dhiaidh sin tháínig caitín óg isteach ach níor chuir na daoine aon tsuim ann. Thug siad bainne dhó agus d'ól sé é agus shuidh sé síós i n-aice nat teine. Ach thug fear an tighe faoi deara go raibh sé ag dearcadh air féín i gcómhnuidhe nuair a bhí sé ag dul a chodladh. Ach mar féín chuaidh sé a chodladh agus chuir sé as an solus.Tar éis tamaill d'iompuigh an fear sa leabaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Droighneáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway