School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 528
- XML “An Chuigeann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag tógaint amach an ime. Cuireaadh cuid de na daoine graíne salainn ar bhárr na cuinneóíge, nuair a bhídís dhá dhéanamh. Deirtear gur b'é an fáth a deineadh é sin mar chreididís nach mbeadh aon rath ar na beithidhigh ná ar an im muna gcuiridís na rudaí sin faoi bhun agus ar bhárr na cuinneóíge.Ní dhéantar an maistreadh ach uair amháín sa tseachtmhain sa Samhradh, agus uair sa gcoigcíós sa nGeimhreadh nuair nach mbíónn mórán bainne ag na ba. Ní dhéanann cuid de na daoine aon maistreadh sa nGeimhreadh.Má thagann duine isteach le linn an mhaistreadh ceapann cuid de na daoine go bhfuil sé ceart aige an maistreadh a dhéanamh le muinntir an tighe.Déantar an maistreadh i gceathrú uaire a chlog san Samhradh acht tógann sé leath-uair nó uair uaireannta sa nGeimhreadh. Is iad na lámha a oibrightear le linn an maistreadh a dhéanamh. Tógtar amach an t-im i mbáisín mór adhmaid. Nightear an bainne as go maith le uisge, agus cuirtear salann mín ann. Feistightear suas go deas é i bpláta le láimhíní agus cluindear. Óltar cuid de'n bláthach le fataí agus déantar cácaí leis an gcuid eile.
- Informant
- Pádraig Ó Droighneáin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway