School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 545
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amháín nuair a bhí Íosa Críóst ag iarraidh ealodh ó shaighdiúirí Heród, tháinig ocras air agus tháínig Sé isteach chuig teach mhuillteóra. Bhí cailín istigh agus d'iarr Sé déirce uirthi, ach bhí faitcíos uirthi go dtigfeadh an mullteoir isteach agus ní thiubhradh sí aon rud dó. Bhí sí ag déanamh cáca de cruithneacht agus d'iarr sé píosa de sin a thabhairt dó agus do thug. Chuir Sé síos ar splanc é agus annsin d'imthigh Sé agus nuair a tháínig an muillteoir isteach d'fhéach sé ar an teine agus chonnaic sé an píosa aráín agus bhí an cruithneacht ag fás as. D'iarr sé ar an gcailín cé chuir síos an t-arán sin agus dubhairt sí gur fear a tháínig isteach agus gur iarr sé déirce uirthi agus gur thug sí an píosa aráin dó chun go n-imtheóchadh Sé agus gur chuir Sé síos é agus agus gur n-imtheóchadh Sé annsin.Annsin d'fhiafruig an muillteoir de'n cailín cá'r imthigh an fear agus theasban sí dhó. Rith an muillteoir in a dhiaidh agus níor ghéill sé do driseacha ná go aon rud ná go bhfuair sé suas le Íosa. Bhí a chuid fola leis agus bhí cuid dá chroiceann ag tuitim de. Annsin thug Íosa an croiceann dhó agus dubhairt(continues on next page)
- Informant
- Micheál Ó Liodáin
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway