School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
![The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 552](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0076%2FCBES_0076_552.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 552
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 552
- XML “Bia na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus salann é agus h-ithtí te é le bainne géar. Nuair a bhíodh an t-arán sin "Boxty" acu le h-aghaidh an bricfeasta deinidís ar maidin é roimh an mbricfeasta.Ní bhíodh mórán feola acu fadó ach uaireannta bhíodh feoil anmhidhthe fiadháin acu. Bhíodh go leor éisg acú mar bhíodh iasgareacht mar slighe beatha ag go leor daoine fadó.Bhíodh uibheacha acu Domhnach Cásga fadó agus bíonn siad acu anois freisin. Cuiridís "Góil" i gcácaí faoi leith le h-aghaidh an Nodlag.Nuair a tháinig an tae go dtí an ceanntar seo ar dtús bhí faitchíos ortha é d'ól mar ní raibh fhios acu ce'n sort rud do b'eadh é.Cupáin adhmaid a bhíódh acu fadó agus annsin fuair siad saghas cupáin móir greithe dá'r b'ainm 'mug'. Is le goirid a fuair na daoine na cupáin bheaga atá anois acu.Níor chlos ná ní chuimhin liom an bord a chrochadh suas ar thaobh an bhalla.Óltaoi go leor bainne fadó go mór-mhór bainne géar.
- Informant
- Pádraig Ó Droighneáin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway