School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 555

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 555

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 555
  3. XML “An Tiarna Talún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leis an mBreathnach go raibh go leor olann aige agus go gcaithfeadh sé an cíos d'árdú air, agus go bhfuighid sé neart airgid ar an olann a d'iocfadh an cíos dhó.
    Dá ndéáradh na báillí leis go raibh duine ar bith san áit nar thaithnigh leo, chuirfeadh sé as a seilbh an duine sin, agus dá n-abróchadh aon duine saidhbhir leis go mba mhaith leis a leitheid seo de bhaile a bheith aige, chuirfeadh an Tighearna Liathtroime daoine an bhaile as seilbh agus thiubradh sé an baile do'n duine saidhbhir.
    Fear deas dob' eadh an Tighearna Mountmorris. Níor chuir sé aon duine as a seilbh ariamh agus níor chuir sé droch-chíos ortha acht an oiread. Bhíodh comhuidhe air i Halla Eibhear i n-aice leis an bhFaírce. Marbhuighead é lá nuair a bhí sé ag teacht abhaile ó'n bhFáirche. Ní raibh fhios ag duine ar bith cé mharbhuigh é, ach amháin ag fear a bhí an gcárr leis, dar b'ainm dó Coirbín. Gealladh go leor airgid dó dá n-innseóchadh sé cé rinne é. Cailleadh an fear sin anuraidh agus níor innis sé ariamh é. Bhí brón ar gach duine nuair a chuala siad gur marbhuigheadh é mar thaithnigh sé le na daoine go léír.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Liodáin
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    An Cloigeann, Co. Galway