School: Páirc na Sceach (roll number 13856)

Location:
Bushypark, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 413

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 413

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Páirc na Sceach
  2. XML Page 413
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    “Cén fáth nach bhfanfá go maidin ag éisteacht leis a’ gceól is an damhsa”.
    “Tá capall sgáthmhar, foillséasach fé mo chúraim agus caithfidh mé dhul abhaile léi”, arsa Seán. “Má fhanann tú”, arsa an fear, “cuirfidh mise fear abhaile léi atá in don í a cheannsadh cómh maith leat féin”. “Bheul”, adeir Seán, “ba mhaith liom é a fheiceál sul má leigfinn mo chapall abhaile leis”.
    “Siúd é thíos sa gclúid é”, arsa an fear.
    “Ara, an é séicleach údan thíos, atá cómh sean leis a’ gceó”, arsa Seán.
    “Eirigh in do shuidhe a ghaisgídheach agus teasbáin do Sheáin Uí h-Anlaí céard tá tú in ndon a dhéanamh”, arsa fear a’ tighe. D’eirigh an séicleach de léim agus is beag ná phlúch sé a raibh sa teach le n-ar thuit de luaithe bhuidhe as a shean bhalcaisí. Bhí matal treasna an tighe agus chuaidh sé de léim anon tharais agus de léim eile anall.
    “Dar fiadh” arsa Seán, “ba cheart go mbeadh sé seo i ndon í a thabhairt abhaile”.
    Leis sin, amach leis an sgológ agus siúd abhaile é leis an gcapall. D’fhan Seán ag éisteacht leis an spóirt nó go raibh sé thart. Annsoin chuir bean a’ tighe leabaidh bhreágh chlúimh faoí réir do Sheán agus dubhairt leis dul ar a shuaimhneas go maidin.
    Chuaidh an sgológ abhaile leis an gcapall agus chuir sa stable í. Bhí bean Sheáin is na páisdí ‘na gcodhladh agus chuaidh an sgológ a choladh freisin. Ar maidin nuair a dhuisigh an bhean bhí Seán básuighthe le na taobh sa
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1792A: The Priest's Pig
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Nudhain
    Gender
    Female
    Address
    An Pollach, Co. Galway
    Informant
    Éamonn Ó Nudhain
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Pollach, Co. Galway