School: Páirc na Sceach (roll number 13856)
- Location:
- Bushypark, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Páirc na Sceach
- XML Page 418
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ciste óir i bhfolach
Bhí fear an-saidhbhir in-a comhnaidhe i dteach ins na Forbacha tráth. Bhí corcán d’ór na Spáinne aige. Bhí na péin-dlighthe i bhfeidhm an t-am seo agus bhí faitchíos air go bhfuigheadh a namhaid é. Chuaidh sé amach lá agus thug sé an t-ór leis cun í a chur i bhfolach. Shiubhal sé tuairim is leath-mhíle go dtáinig sé chomh fada le cloch mhór, Cloch na Sidheóg a dtugtar ar an áit agus chuir sé an t-ór i bhfolach fá’n gcloich. D’fhág sé annsoin é agus níor chorruigh sé é ná níor chorruigh aon duine eile é ach oiread. Díreach nuair a bhí sé ag fághail bháis ghlaoidh sé ar cheann de na comhursain chuige agus thug sé an rún dó. Cailleadh an fear agus cuireadh é. Nuair a bhí sé seal curtha d’innis Seán Ó’Loideán, sin é an t-ainm a bhí ar an bhfear a tugadh an rún dó, le comhursa dár b’ainm Seán Gabha fán rún. Bheartuigheadar eatorrtha féin go rachaidís ag lorg na h-áite an lá in a dhiadh sin,
Lá’n na bháireach chuadar go dtí an áit. Chonnaic Seán Ó’Loideán an chloch mhór agus rith sé chuige agus tosuigh sé ag cartú faoi. Níorbh fhada go dtáinig sé chomh fada leis an t-ór agus ní raibh sé i ndon labhairt le teann áthais. Annsoin rinne sé comhartha le Seán Gabha teacht de cabhair air agus mo léan rinne sé amhlaidh. Nuair a tháinig Seán Gabha go dtí an áit ní raibh táisg ná tuairisg le fáfgail ar an t-ór agus gan le feiceáil ach leac bheag. Is dóigh nach raib ceart ag Seán Ó’Loideán innseacht do neach beo fá’n t-ór agus gurbh shin é an(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Cheara
- Gender
- Female
- Address
- Barnacranny, Co. Galway
- Informant
- Mícheál Ó Flannachadha
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Barnacranny, Co. Galway