School: Garbh Fhearáin (Garrafrauns) (roll number 13155)
- Location:
- Garrafrauns, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Fionnagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"A amadáin bhoicht" ars an fear ath luain leis "sin an chaoi a dtáinig neoch chugam-sa agus dubhairt sé liom dhá dtéighinn go Sgeicech na nGabhar go bhfuighinn mo shaidhbhreas ann agus diabhal's agam cá bhfuil sé"
(Tá Sgeiceach na nGabhar timcheall's trí mhíle taobh thuaidh de Dhún Mór)
"Tá go maith" ars an coibléire. Níor innis sé a rún do'n fhear eile. "Tá fhios agam-sa cá bhfuil sé" agus bhailigh sé leis abhaile.
Lá ar na bhárach síos leis chuig Sgeiceach na nGabhar agus láighe aige. Thosuigh ag romhar suas fa'n sgeiceach agus ní raibh sé i bhfad go dtáinig sé chuig leac. Thóg sé aníos an leach agus céard a bheadh fa'n leach ch poitín óir.
"Tá liom anois" ar seisean "tá mo shaidhbhreas agam". Thóg sé abhaile é chuig a bhean agus ní dhearnaidh sé mórán coibléireacht níos mó.
"Tháinig sé de lá nuair a bhuail sgoláire bocht óg isteach chuca ag cur tuairisg a' t-sagairt.
Thosuigh siad ag cainnt agus thosuigh an sgolaire bocht ag gáiridhe(continues on next page)- Collector
- Seán O Fionnagáin
- Gender
- Male
- Address
- Garrafrauns, Co. Galway
- Informant
- Tom Corley
- Gender
- Male
- Age
- c. 80
- Address
- Ardcloon, Co. Galway