Scoil: Cúige na Mainseár
- Suíomh:
- Quignamanger, Co. Mayo
- Múinteoir: Antoine Mac Amhaghladha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúige na Mainseár
- XML Leathanach 267
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ortha annsin go mbéadh siad mar sin go brathach no go dtiocfadh an rón mara amach as an bhfairrge agus go rachadh sí trí h-uaire thart ar Cnoc na Rí.
Tháinig an rón mara amach ceart go leor agus chuaidh sí thart air faoi dhó acht marbhuigheadh an triúomhadh h-uair le buachaill bó í.
Tá na clocha geala le feiceál go dtí an lá indiú, agus an lá is trioma sa Samhradh bíonn na deora alluis ag tuitim aníos díobhtha.
D'imthigh an maighdean mara amach san bhfairrge. Tháinig an Dubhdach go dtí bruach na fairrge agus d'iarr sé uirrí dul abhaile leis.
"Ní rachad" ar sise "acht tar liomsa tusa go Tír na n-Óg" "Ní ghabhfuidh mé leat" ar seisean "mar bhfearr liom lá i dTír Amhalghaidh nó oidhce in Árd-na-Riogh na saoghal fada in(leanann ar an chéad leathanach eile)