School: Kilmacteige (C.) (roll number 13944)

Location:
Kilmacteige, Co. Sligo
Teacher:
Máire, Bean Uí Chuirnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0173, Page 299

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0173, Page 299

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Kilmacteige (C.)
  2. XML Page 299
  3. XML “Scéal - Seán na gCapall”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear sa gcomhursanacht seo fadó agus 'sé an t-ainm a bhí air ná "Seán na gCapall". Bhiodh sé ag goid capall ó na chomhursanaibh. Lá amhain ghoid sé capall breagh as stábla éigin, d'athruigh sé dath an chapaill le dath dubh a cuirtear ar éadach agus ar olna. Dhíol sé ar an aonach é. Chuaidh an fear o'n a ghoideadh an capall ar an aonach agus cé'n cheann a cheannochadh sé acht a chapall féin agus é dathuighthe. Nuair a thánaigh sé abhaile thug sé fé ndeara gurab' é a chapall féin a ghoideadh uaidh a bhí ceannuighthe aige. Chuaidh an tóir ar Shéan na gCapall chun é a chrochadh. Nuair chuala sé go raibh an námhaid in aice leis chaith sé é fhéin isteach i bpoll uisge mar b'fhearr leis é fhéin a bhathadh ná 'ceangal na gcúig gcaol' a bheith curtha air. Thánaic an námhad ar an bpoinnte agus tharraing sé amach Séan 'sar a raibh sé báidhte.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Alice Boland
    Gender
    Female
    Address
    Letterbrone, Co. Sligo
    Informant
    Mrs Boland
    Gender
    Female
    Address
    Letterbrone, Co. Sligo