School: Scoil N. Gobnait (roll number 16281)
- Location:
- Dún Chaoin, Co. Kerry
- Teacher: Muiris Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Gobnait
- XML Page 005
- XML “An Seanbhéim Céachta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Fág an áit sin," arsan feirmeóir "nó chuirfhin an maide ceangailte ud' cheann".
"Ó! ná dein." arsan seanduine, "is amhlaidh a thángasa anso chun go raghfá ag fuadach mná."
D'fhiafruig sé de'n bhfeirmeóir an raghadh sé farais agus dúbhairt sé go rachadh. D'imthigheadar agus bhí saghas capaill acu agus nuair a léimeadh an capall na cladhthacha,
"Mhuise mo ghrádh do léim a sheana-bhéim ceuchta." a deireadh an seana-duine.
Thángadar go dtí tig an rínnce agus dúbhairt an seana duine leis an bhfear dul isteach agus an cailín a chasadh sa rínnce. Chuaidh se isteach agus do dhein sé mar dúbhairt an seana=duine leis.....
Thainig sé amach agus bhí an cailín amuigh roimis. D'imthigheadar ortha agus bhíodh an cailín a' rádh leis an bhfear gur chuma léi ach gan í leigeant leis an sean duine agus dúbhairt an fear léi ná leigfeadh.
Bhíodar a cur dóibh riamh is coidhche gur thángadar go dtí lios.
"Seadh!" arsan sean-duine, "téidhir-se abhaile anois, agus go bhfágadh Dia do shaoghal agus do shláinte agat, agus bead-sa agus í seo ag dul abhaile."
"Cogar," ansan fear, "Ní bhfuair-ise aon chuid dá duadh san ach mise, b'fhéidir gur b'é do cheann a bhfúghfainn [?] se ar an gclaidhe mar a n-éist-fá agus bhfearra dhuit cuir díot."
"Deunfad a dhá oiread oilc ort," ars an sean-duine.(continues on next page)- Informant
- Seán Criomhthain
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Dún Mór, Co. Kerry