School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 131
- XML “Ceist na Talún anseo”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí cíos trí bliana tuitthe ar an Oileán Thíar fadó timcheall céad bliadhna ó shoin. Do bhí an tighearna talmhan ag lorg an chíosa ó lá go lá agus ó bhliadhain go bhliadhain. Ní aontuighidís é a thabhairt do mar dubharadar nách aon talamh fóghanta a bhí aca féin agus níor bh'eadh leis. Níor thaithnig Sasana riamh leis na h-Oileáin agus b'ait leó a bheith ag díol airgid as thalamh ba cheart dóibh féin a bheith aca agus a sínsear rómpa. Bhí spirid na nGaidheal ins na h-Oileánaig riamh agus a chómhartha go raibh tá an Ghaedhluinn ar feabhas aca.
Do tháinig an lá gur tháinig an "Gun boat", go béal na trágha; í lán do arm agus do bháilí agus do ghárdaí(continues on next page)