Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cíos trí bliana tuitthe ar an Oileán Thíar fadó timcheall céad bliadhna ó shoin. Do bhí an tighearna talmhan ag lorg an chíosa ó lá go lá agus ó bhliadhain go bhliadhain. Ní aontuighidís é a thabhairt do mar dubharadar nách aon talamh fóghanta a bhí aca féin agus níor bh'eadh leis. Níor thaithnig Sasana riamh leis na h-Oileáin agus b'ait leó a bheith ag díol airgid as thalamh ba cheart dóibh féin a bheith aca agus a sínsear rómpa. Bhí spirid na nGaidheal ins na h-Oileánaig riamh agus a chómhartha go raibh tá an Ghaedhluinn ar feabhas aca.
Do tháinig an lá gur tháinig an "Gun boat", go béal na trágha; í lán do arm agus do bháilí agus do ghárdaí(leanann ar an chéad leathanach eile)