School: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (roll number 10755)
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Michael Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nósa na Bealtaine fadó.
Fadó ní leigfí d'aoinne a bheith amuigh déanach Oidhche Bhealtaine ar eagla go sciobfaí iad mar chreididís i bpúcaí an t-am úd. Lá Bealtaine i gcómhnaidhe do chaitheadh na daoine uisge coisreacan ar na ba , mar sin é an uair a thosnuighidís ag bailiughadh an bhainne agus chaithidís an t-uisge coisreacan ortha d'fhonn is go mbeadh bainne maith ag na ba agus go mbeadh torthadh maith ar an mbainne. Oidhche Bhealtaine chuiridís fíor-uisge i dtig an bhainne ar eagla go ngoidfaí an t-ím agus an bainne uatha.
Bhíodh planndaí éigin eile ag fás sa talamh ar a dtugtaí "Rosarí" nó luibh an ime.Bailighdís iad so, agus chuiridís ag beiriughadh iad, agus cuiridís an t-uisge a bhíodh ortha i mbuidéalaibh agus gach aon cuigean a dheinidís chuiridís braon de'n uisge seo ar an(continues on next page)- Collector
- Seamus Ó Catháin
- Gender
- Male
- Address
- Cloichear, Co. Kerry
- Informant
- Eibhlín Ní Chatháin
- Gender
- Female
- Address
- Cloichear, Co. Kerry