Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (uimhir rolla 10755)

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Múinteoir:
Michael Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 411

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 411

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.)
  2. XML Leathanach 411
  3. XML “Scéalta Crábhaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ós cionn na pruaise. Chuadar anonn agus fuaireadar é. Ó sin i leith deirtear ná feadfhadh aon cearc aon rud a dh'ithe gan a bheith ag scríobadh lé na gcosa.
    Lá eile dá raibh sé ag ealódh ós na saghdiúirí, chuaidh sé isteach i ngoirt a bhí ar thaobh an bhóthair mar a raibh morán caorach, agus dhein sé uan beag do féin. Annsan tháinig na saighdiúirí agus d'im-thígheadar leó gan é dh'feiscint. Deirtear go bhfuil an caora ana bheannuighthe agus siné an chiall go bh'feicfeá é in sa lán pictiúirí agus an t-uan na theannta.
    Lá eile dá raibh Ar Slánuightheóir ag triall ar dhul thar abhainn, chonnaic sé miúil istigh i ngoirt in-aice na h-abhann. Léim sé ináirde air acht raid sé agus chaith anuas é. Agus annsan dúbhairt Ár Slánuighthóir leis an miúil." To dtéidhir gan sliocht". Annsan chonnaic sé asal agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Mainín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Éanaigh, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Mainín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Éanaigh, Co. Kerry