Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (uimhir rolla 10755)
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Múinteoir: Michael Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)air ná raibh oiread agus únsa fágtha san t-siopa. Seo leis abhaile agus é go craidhte, mar do bhí a fhios aige go mbeadh a athair ar buile. Nuair a tháinig sé abhaile bhí an t-athair ana mhí-shásta agus lé dúil san tobac d'imhthig sé féin an dainghean ar capall ialaite. Bhí sé a sé nú a seacht a chlog nuair a shrois sé an dainghean, agus chuarduig sé gach tig acht má's seadh ní bh'fuair sé faic. Tháinig sé abhaile go mhí-shásta agus toisg ná raibh aon bóthar ag casadh síos go Baile Uí Bhoitín i mbarra "Bóthar na mine". An uair sin chaith sé teacht chómhfada leis an ndroichead. Díreach cé bheadh na shuidhe in-áirde ar an ndroichead an t-am san dh'oidhche acht fear ná feacaidh sé riamh na dhá shúil roime sin, agus píp na bheul aige. Loirg sé gal air, agus fuair agus ar an nóim-(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Mainín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Mainín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Kerry