Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cruadhtan
Bádhadh
An Port Dearg 1820.
Sa bhliain 1820 do bhádhadh arthach - An Port Dearg i dtráigh Uí Duinn sa Leitrúic. Is amhlaidh a bhuail sí i gcoinnibh puirt ghainimhe. Copar a bhí ar bórd aici. Níor tháinig duine saor aiste.
Bádhadh
Sa bhliain 1847 do bádhadh long cruithneachtan agus long coirce i gCladach an Teampaill i dtráigh na gCluainte. Buaileadh ar charraig iad. Na máirnéalaigh a bádhadh tá siad curtha sa Teampall Bán.
Bádhadh Bháid Saighne 1868
Sa bhliain 1868 do chuaidh beirt dritheár Conchubharaig ó Bhailebhoithín agus colceathrar leo Chonchubharach eile, agus Seamus Ó Higín agus Seán Máirtín ós na GortaDubha ag iascach le bád saighní. Bhí borradh farraige ann. D'iompuigheadh an bád ar a béal agus bádhadh na Conchubharaigh. Sé an t-slighe a saoradh an bheirt eile na gur dh'fhanadar anáirioc ar na saighní agus chuaidh beirt nó triúr de-sna comhursain ó GhortaDubha amach chucha agus thugadar leo isteach iad.
Básadh Luing
Sa bhliain 1898 do tháinig an long "Jenny Lind" isteach go Cuan Áirt na Caithne. Long seoil a b'eadh í. Do rug stoirm is anaithe uirthe agus do briseadh na seolta is í(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Mainín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Diarmaid Ó Curáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Baile an Reannaigh, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Pádruig Budhlaeir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry