Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Leathanach 493
- XML “Scéal - An tAimiréal Ó Muircheartaigh”
- XML “Scéilín Beag Eile mar gheall ar Aimiréal Ó Muircheartaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an t-Aimiréal go raibh sé ag faire an t-sagairt. Do labhair an seirbhíseach agus dubhairt "Tá an sagart imithe tharainn fadó bhí se i ngiorracht dhá throig duit. Do baineadh geit as agus ní labhair sé focal go ceann i bhfad annsan dúbhairt sé "bfeárr leigint dóibh mar dream leó féin iseadh na sagairt sin" Sin é mo scéal agus má tá bréag ann bíodh.
- Nuair a cailleadh an t-Aimiréal do bhí crann áluinn ag fás sa gháirdín aige. Do bhí daoine i nGallaras agus tháinig dúil sa chrann aca. Do bhearthuigeadar ar é a ghuid istoidhche. Do thugadar leó túaighte chun an crann do bhaint. Do bhí sé nách mór bainte aca nuair a ghaibh an t-Aimiréal chúcha ar chapall iallaite agus é caillte an uair sin. Do bhí hata trí bheirceanna air. Tháinig eagla ortha agus do chuireadar ins na cosaibh é, go dtí go dtánadar chómh fada leis an mbóthar puiblídhe. Annsan chuadar i gcomhairle i dteannta a chéile agus bhí olc ortha chúcha féin agus dearg náire. Dubhradar gur dhona [?](leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ni Mhuircheartaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Riasc, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muircheartaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Riasc, Co. Chiarraí