Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 518

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 518

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 518
  3. XML “Scéal - An Tairbhín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus chuaidh sé go dtí stáicín na bainntrighe arís agus chuir an mháthair amach an tarna h-inghean chuige agus d'imthig an dálta céanda uirthe. Thug sé leis go dtí an chúirt í agus bhí an caitín sa chúinne agus gach nídh marbh cheana. Ar maidin is é ag cur de ar a thóraidheacht thug sé eocharacha gach seomra dhi ach an seomra úd.
    Ní raibh sí seo ach an oiread deas nó cneasta leis an g-caitín. Pé riabhach a phrioc í d'oscail sí an seomra úd agus tháinig leathadh ar a radharc nuair a chonnaic sí na daoine marbha. Thuit na trí braonuidheacha fola ar a cos agus ní b'féidir lei iad a bhaint ná a ghlanadh. Chuir sí na bróga uirthe. Seadh dubhairt sí go raibh sé chómh maith aici a h-uadhacht a dhéanamh mar go b'é an marbhú a bhí i ndán di féin leis.
    Tháinig an tairbhín abhaile agus chonnaic sé na bróga b'éigin di iad a bhaint di anuas. Chonaic sé an fhuil. Chuir sé a ceann ar an mbloc agus isteach go seomra na ndaoine marbha.
    Seadh an treas lá chuaidh sé arís go dtí an stáicín eorna agus chuir an bhaintreach a h-inghean óg amach chuin é bhagairt. D'imthig an dálta céanda uirthe. D'árduig sé leis í agus thug sé chuin na cúirte í.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0511: One‑Eye, Two‑Eyes, Three‑Eyes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Ghearailt
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Márthain, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Ghearailt
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Márthain, Co. Kerry