School: Naomh Breandán, Baile na nGall (roll number 14480)
- Location:
- Baile na nGall, Co. Kerry
- Teacher: Tadhg Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear siubhail ag imteacht tímcheall fadó, agus do stad sé oidhche i Seanachíll. Seán Cuill a b'ainm do. Do ghaibh sé amach tráthnóna breágh ag féachaint ar sean-oibreacha a bhí in-aice an bhaile. Do shuidh sé síos ar a shuaimhneas agus bhí sé ag féachaint uaidh ar na sean-oibreacha.
Níorbh bh'fada go bhfeaca sé dhá fhranncach ag teacht amach as pholl, agus sparán óir eattortha istig. Do leatheadar amach an t-ór ar an dtalamh, agus bhíodar á thíormúgad leis an ngréin.
Bhí an fear ag faire ortha, agus dhá dtúbhairt fé ndeara. Núair a bhí an oidhche ag teacht do thosnúigheadar ar é a bhailiúghadh isteach sa sparán aríst. Bhí sé ag cuimneamh is ag smaoineach annsan ar conus a thugfhadh sé ar an t-ór. Do lean sé na franncaigh isteach sa pholl(continues on next page)- Collector
- Tadhg Ó Caomháin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Tomás Ó Phronnsías
- Gender
- Male
- Address
- An tSeanchoill, Co. Kerry