School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thug sé leis na cheithre cínn de bheithíg do beárr a bhí ann. Chuaidh sé as san go Trághlí agus do dhíol sé ann iad ar an aonach agus lár na mháireach tháinig sé abhaile lé airgead na mbheitheach agus thug sé fhur a mhór dá mháthair. Annsan coimeád sé cuid den airgead é féin agus lár na hoidhche d'fág sé a mháthair.
Tháinig sé san ar an bh'fearran agus chuaid sé i bpoll i gceann des na baidre. Annsan fuair an tiarna talmhan amach go raibh na beithíg imighthe agus chuir an tiarna talman na saighdiúra ar fuaid na háite ag feacheaint ché ghuid na beithig. Annsan fuair mac tiarna talmhan amach go raibh mac na baintríghe imighthe as an áit agus annsan caitheadh amhras air gur bé ghoid na beithig.
An fhaid a bhí sé i bpoll sa bhéidrig do thagadh a unncail chuige gach tráthnóna agus thugadh sé biadh agus deoch chuige. Do bhíodh a unncail ag cainnt leis tamall maith gach tráthnóna agus ach a mbíodh an oidhche ag teacht d'imthígheadh sé síos an phruais agus théigheadh sé a chodhladh. Do bhíodh raic ag teacht isteach chuige gach lá ar an dtráig agus do bailuigheadh sé chuige isteach an tamhad. Aon tráothna amháin tháinig a uncail chuige agus dúbhairt mac na baintríghe leis an chead tráthnóna eile a thacfhadh sé tarní a thabhairt chuige go ndeanfhad sé báidín air eagla go dtacfhad aon tóir air agus go gcaitheadh sé cur chun na fairrge. Ní mor an aimsir do bhain sé do báidín(continues on next page)- Collector
- Gearóid O Cinnéide
- Gender
- Male
- Age
- 15
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry
- Informant
- Tomás O' Céinnede
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry