School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)léi ná raibh a shúil curtha den gcapall fós aige.
Do fuair sé an chúig phúint déag agus as go bráth leis fé dhéin Cho Chorcaighe agus Cho Thoibrad Árann. Do thosnuigh an fear bocht ag lorg an chapaill agus taréis a chuid cuardach ins an dá chonntae sin ní bhfuair sé tásc ná tuairisc ar an gcapall. Do tháinig sé abhaile agus é go dúbach dubhrónach taréis chúig phúint is fiche a bheith caite aige leis an loirgeoireacht agus gan í fachta fós aige.
Do loirg sé fiche púnt ar a mháthair an tríomhadh babta agus do bhí sé ag bladar léi agus ag rádh léi mara bh'faigeadh sé an capall an babta so go n'eirigeódh sé as an gcuardach ar fad. Ar deire do fuair sé na fiche púnt agus do ghaibh sé ó dheas chun Ciarraighe ag cuardach an chapaill. Do bhíodh sé ar gach aon aonach, agus ag éisteacht lé gach aon bhailiú daoine a bhuailfheadh leis.
Do bhí sé tagaithe chómh fada lé Oileán Chiarraighe, agus lár na mháireach do bhí aonach mór capall lé beith ann. Do bhí ana mhuiníghin aige asa an aonach ach "ní mar a síoltar a bhíotar", nuair a tháinigh an lá ní bhfuair sé aon radharc ar an gcapall. Do chuir sé chun bóthar arís ag cuardach an chapaill agus tháinigh sé chómh fada ó dheas lé Cathair Saibhín, ach ní bhfuair sé aon tuairisc ar a chapall.
Do bhí sé ag imteacht leis annsan agus é ag cur do abhaile. Nuair a bhí sé ar an mbóthar abhaile, ar an dtaobh theas do Chíll Áirne do bhuail cruiniú daoine leis agus iad ag rinnce is ag amrán. Do bhuail sé a dhrom i(continues on next page)- Collector
- Míchéal Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry
- Informant
- Seamus Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry