School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí feirmeóir mór ann fadó & bhí triúr mac aige gach aon lá do théigdís amach sa goirt ag obair. Aon lá amháin dúbaradar lé chéile go bh'fearróidís dá n'athair cad a dheanfeadh sé leis an d'talmh nú cé dho a thabarfeadh sé é.
Dúbairt seisean leó imtheacht leó go ceann trí bliadhna & an té is feárr go mbeadh ceárd aighe ac a dtugfaidís gur b'sin é a gheóbadh an talmh. D'imthíghdear ortha & ní fada ó bhaile a bhí duine aco nuair a bhuail foghlaoir leis, do luigh sé leis an bh'foglaoir. Do chuaidh an duine eile aco lé gadíoct an tríomhadh duine lé siúinéireacht.
Ba gheárr go raibh mac an fheirmeóra níos feárr ar an nguna ná a mhaighistir. I gceann na trí mblian do chasadar ar an dtigh feachaint ce'cu aco a gheóbadh an talmh. D'fiarraigh sé den d'trúir mhac cad é an cheárd a bhí aco. Dúbairt an mac ba shine gur foglaoir é. Dúbairt an tarna mac gur gadaidhe é, & an tríomhahd mac gur siúinéir é.
Do rug sé amach an gháirdín iad go dtí crann mór a bhí amuigh go raibh nead príocháin anáirde ar. Dúbairt sé leis an ngadaidhe(continues on next page)- Collector
- Mícheál Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Age
- 15
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry
- Informant
- Seamus Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry