School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a chuaidh sí isteach ní raibh istig roimpe ach tig fuar follamh gan teine gan teas ach bhí seana-leabhaidh beag tuige sa chúinne.
Nuair a tháinig an oidhche do chuadhar a choladh agus ní rabhadar i bfadh na gcoladh nuair déirig an fear agus fuair sé a chuiththe agus a capall agus seo leis go dtí an roilg. Do bhrat an bean ag eirigú é & do lean sí go dtí an roilg é agus chuaidh sí i bfollach i naice leis an roilg ach cadh a bhí ach an fear agus é ag tarrach na ndaoine marbú aníos as na h-uaigeacha agus é féin agus a cuitthe á neithe.
Nuair a tháinig an fear abhaile bhí an bhean sa leabaidh roimis ach fuair sé ana fuar í ach ní labair sé aon rud léi. Ac lár na mháireach dúbhairt sé go ragadh sé agus go dtabharach sé leis an mbaintreabhig. Nuair a bhí sé tamall ó dtig do chuir sé culaith mná ar féin agus i gceann tamall do lá do bhuail sé chuíce isteach. Cheap an bhean go bí a máthair a bhí ann.
"Nach olch an bóthán atá agat ar seisean. Is olch arsan bhean mar is é an áit a théigheann an fear atá agamh-sa gach oidhche ná go dtí an roilg agus tairrigheann sé aníos na daoine marbú agus itheann sé féin agus a cuithte iadh. Anois atán tú agamh ar seisean agus bhuail sé buile do dtuat uirthe agus mairbh sé i agus dith sé féin agus a madraidhe í.- Collector
- Séamus Ruiséal
- Gender
- Male