School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (roll number 11146)

Location:
Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 554

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 554

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
  2. XML Page 554
  3. XML “Scéal - Ar an mBean a Sciobadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean sa pharóiste seo tamall ó shoin agus bhí sé ráidte gurb í an bhean ba breághtha a bhí ag dul isteach go séipéal Chínn Trágha í do phós sí fear ó'n bparóiste agus do mhaireadar araon go lán t-sásta ar feag tamhaill I gcionn bliana (thainig) no dó bhuail sí breóidhthe agus tháinig sí abhaile go tig a h-athar. Ní fada a bhí sí aige baile nuair a cailleadh í ach má cailleadh do cuireadh í.
    San am gcéadna do bhí a fear ag maireachtaint ar an dtaobh thuaidh do Thráiglí ar an mbaile go nglaodthar "Abbydorney" air. Bhí lios cómgharach do'n dtig agus bhí sé ráidhthe go dtagadh na daoine maithe isteach an tig gach aon oidche pé arán dá dfághtaí ar an ndresser istoidhche bíod sé idhthe ar maidin. Dúbhairt an feirmeóir leis féin go bfanfadh sé suas an oidhche seo is bfanfadh sé ag fhaire. Lár na h-oidche siar do ghaib an bean so isteach. Lábhair sí leis agus dubairt sí "gur aniar thar Dainghean í féin ó paróiste Fionn-Trágha agus go maireann a fear agus a dearbráthair thiar ann. Thug sí ainm agus sloinne a fir do. Téighir ag triall ortha agus abair leó go bfuilim-se annseo agus gur bhféidir leó teacht ag triall orm agus mé a thabairt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish