Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)
- Suíomh:
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
- Múinteoir: Tomás Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
- XML Leathanach 594
- XML “Buachaillí Tuí”
- XML “An Chuigeann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus deoch go flúireach. Bhíodh suas le fiche duine díobh inéinfheacht. Is minic a bhíodh bruidhean acha nuair a bhuaileadh dá buidhean díobh le chéile. Bhíodh gach diam díobh d'iarraidh bheith istigh ar dtúis agus dá bhrí sin níorbh aon ionghna achrann.
Deirtear gur fear dárbh ainm Pádraig Ó Cinnéide a thosnuigh ar an nós so annso ar dtúis. - Tá meadar againn sa bhaile. Maoí a tugtar uirthi. Tá sí h-aon agus trá ceathramha troig ar aoírde, agus dhá throig go leith ó thaobh go taobh. Tá sí sa tig sé deich mbliádhna.
Is íad seo gluseanna na meidhre :- Ionaithe, claibín, (sé sin an clúid ) lámha sé na castar í, staítsí a coimeádann shúas é, agus cipín a bíonn sa phall trí na scaoiltear amach an ghaoth. Is í gcliáthán na meidhre atá an poll.
Dá mbeadh cuid mhór ba ag duinne, bheadh mór chuid úachtair aige. Chaithfeadh a leithéid sin do dhuinne cuigeann a dhéanamh dá úair sa t-seactmhain sa t-Samhredh, agus úair sa t-seachtmhain sa nGeimhreadh. Bionn beirt ag déanamh na cuiginne. Má thagann stróinséir isteach i dtig lé linn na cuiginne bheith á dhéanamh ann, ní ceart de búaladh amach gan gléas a bhualadh ar an gcuigeann. Lé reacht piseóga adeintear é seo, ar eagle na féadfhadh muínntir an tíghe an cuigeann a dhéanamh, nó ar eagla go dtágfhadh an stróinnséir an t-ím nó an bhainne.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál O Beodláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fán, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Labrás Ó Murcadha
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76