School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (roll number 11146)
- Location:
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
- XML Page 604
- XML “<span class="exact">Cúram</span> <span class="exact">na</span> <span class="exact">gCos</span>”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mianach 'sna stocaó sead is daoire bhidís. Trí raolacha a bhíodh ar a bhfurmhór. Bhíodh stocaí síoda á dhíol leis an uair sin. Is beag duine a ceannuigheadh iad mar bhíodar ró-dhaor. Bhíodh coróin is sé scillinge an pheire ortha. Trí raolacha nó tímcheall air a tugtar ar stocaí anois. Bíonn leanbhaí an laé indiú cosnochcaidhte i rith an t-Samhraidh agus an Fhóghmhair.
Fághann daoine uisce na gcos istig istoidhce ach caithe daine eile amac é. Bíodh pisreóga ag daoine fadó. Caididís [?] uisce na gcos amach fé'n ndoras chun ná feadfha [?] na daoine maithe teacht isteach fé.
Tomás Leibéadh a bhí chun cómhnuighthe i gCeann_ Trágha a déineadh bróga do cailíní na h-áite seo. Peirceanna a bhíodh ar na fearaibh. Leathar a leigtí a bhíod mar [?] fútha ar. Bhíod sceanna ar a mbarra. Tagaidís ó Corcaigh go dtí an ngréasúide agus dhíolad sé sin iad. Ní bhíodh riamh níos mó ná seacht ficeadh is raol ortha. Nuair a bheidís caithte acha d'fheadfaidís iad a thabhairt thar nais agus ghéobhaidís peire nua ortha ach caithfidís cúpla scilling a tabhairt ortha. D'fhéadfad lucht deanta na mbróg an leathar a leaighe agus peire nua a dhéanamh arít dóibh.- Collector
- Mícheál Ó Beodláin
- Gender
- Male
- Address
- Fán, Co. Kerry
- Informant
- Labrás Ó Murcadha
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 76